Thursday, October 27, 2016

Dánta Oíche Shamhna

Dánta Oíche Shamhna from Joanne Gilmartin on Vimeo.

Oíche Shamhna 

Taibhse is cailleach,
Tine cnámh,
Cnónna is milseáin
Úll ar snáth.
Téimid timpeall
Ó theach go teach
Ithimíd úlla is báirín breac.
__________________

Oíche Shamhna!

Oíche Shamhna, fleadh sa teach.
Úlla, cnónna is bairín breac.
Hataí Páipéir, eadaigh ghlé,
Sport is spraoí againn go léir
Cailleach dána, ar an saol,
Fanaimis istigh ó bhaol. 
E. Ó Tuathail 
__________________

An Chailleach

An bhfaca tú an chailleach?
Chonaic mise í,
Lena srón mór fada,
Is a fiacla gránna buí.
Hubail rubail bubail,
Hubail rubail bubail.


An bhfaca tú an chailleach?
Chonaic mise í,
Lena cat mór fada,
Ar an scuab ina shuí,
Hubail rubail bubail,
Hubail rubail bubail
__________________

Púca 

Púca! Púca! Is mise an Púca!
Púca! Púca! Aon, dó, trí!
Seo í an oíche, Oíche Shamhna
A théim ar cuairt chun do thí!

__________________

Nasc ar Google Docs
Link to Google Docs